Friday, December 12, 2014

Galway Libraries 2nd 'Galway’s Great Read Creative Writing Competition Winner'



 Dualgas Dhónail

Pádraic Ó Giobúin

Sea chuala Dónal, i dtaobh na hóráid’, a thug Mac Réamoinn ar an Woodenbridge,   
gurb é leas na Fódhla, i dtús an Fhómhair, a ghabháil chun catha don sean namhaid. 
Go mbeadh féin rialtas, le fáil mar íocaíocht, nuair a thabharfaí an Bheilg slán,   
go mbeadh deireadh choíche, le ansmacht rithe, ‘s go mbeadh lán saoirse ag feara Fáil.

Thug Dónal aird, ar cheann an pháirtí, gur chuir síos a ainm ar liosta an rí,                                  
 is bhí a chairde, teacht le cosa in airde, le fonn a gcuid a thabhairt don tír.
Shroich siad ceann scríbe, anseo sa trinse, is dhírigh gunnaí ar an dream úd thall,            
 ba sa sruthán draoibe, gan díon ná dídean, a bheadh siad feasta i dtír na nGall.

Bhí tú lán le imní, ar feadh na hoíche, is níor chodail néal nó gur bhreac an lá,                  
an boladh nimhneach, i mbarr na gaoithe, a chuirfeadh iompú ar an laoch is fearr.           
Thosaigh gunnaí brúchtaíl, is an talamh ag luascadh, bhéic an ceannfort amach an gháir,
chuir an fheadóg tús, leis an ionsaí fuilteach, is chuaigh sibh suas is amach thar barr.

Bhí na sreanga géara, ag breith ar ghéaga, is na poill ‘cur bac leis an sodar mear,               
bhí gunnaí scréachadh,  ‘s ag déanamh réabadh, ag fágáil bearnaí sna buíonta fear.              
gurbh éigin casadh, gan an líne a thrasnú,  is filleadh ‘rís ar an bportach láib’                    
ach mo chéad faraor, bhí cuid mhaith feara, nár thug na cosa leo slán ón ngábh.

Bhí na francaigh ramhra, ag teacht chun tórramh, ‘s a cothú  scéin’ agus uafás mór,            
is a Dhia na Glóire, tabhair dúinn fóirithint, sin í impí Dhónail i ngleann na ndeor,           
mar tá Seán ar iarraidh, ‘gus níor fhill Diarmaid, níl tásc ná tuairisc le fáil ar Dan,              
ní sheasfadh ciaróg, leis an bpléascadh síoraí, atá baint croitheadh as no man’s land.

Is fada an ród é, go Tiobraid Árann, is an cailín álainn, ‘d’fhág tú  Sliabh na mBan,            
is dá bhfaighfeá, do chead amárach, níl aon rud ab fhearr leat, ná bheith léi sa ngleann,
ach tá an t-ordú faighte, tá an focal ráite, níl aird ná luach ar an saighdiúir bocht,
níl aon rud le rá ad, pé ar bith tá i ndán duit, ag an maor sa gcathaoir tá an focal scoir.

Ba ag geataí Ypres, a chríochnaigh d’íobairt, le píosa srapnail go domhain sa gcnámh,        
bhí tú gonta spíonta, ‘gus ar leath-chos sínte, is seoladh ar ais thú go críocha Fáil.          .                 
Ní raibh romhat aon fháilte, ní raibh glóir san ár seo, agus níl do náisiún beag fós saor,                     
tá do mhisneach caillte, tú gan mórán cairde, do chuimhne lán den íocaíocht dhaor.








No comments: